An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
  • EN > GA
  • GA > EN

service

noun
verb
phrases
noun
1 noun help, facility offeredseirbhís fem2  c m uthey provide essential services to the community cuireann siad seirbhísí riachtanacha ar fáil don phobalwhen normal service resumes nuair a bheidh an ghnáthsheirbhís ar fáil arísI offered my services as a mechanic thairg mé mo sheirbhísí mar mheicneoir, chuir mé mé féin ar fáil mar mheicneoirfor services rendered mar chúiteamh ar chomaointhat car gave them years of good service thug an carr sin na blianta de sheirbhís fhónta dóibhweb services seirbhísí líonrathe service industry an tionscal seirbhíse 2 noun organisationseirbhís fem2  c m uthe ambulance service an tseirbhís otharchairrsupport service seirbhís tacaíochta
Taispeáin iontráil iomlán 
3 noun TRANSP scheduled journeyseirbhís fem2  c m uthere's a regular bus service to Sligo tá seirbhís bhus rialta go Sligeach annferry service seirbhís farantóireachtatrain service seirbhís traenach 4 noun work for organisation etcseirbhís fem2  c m ushe's retiring after thirty years of service tá sí ag dul ar scor tar éis tríocha bliain de sheirbhíshe received an award for his services to music bronnadh gradam air as a sheirbhís don cheol 5 noun MIL time in armed forcesseirbhís fem2  c m umilitary service seirbhís mhíleatato see service seirbhís a dhéanamh 6 noun (also domestic service) work as servantaimsir fem2  c m uto go into domestic service with sb dul ar aimsir ag duine 7 noun COMM in restaurantseirbhís fem2  c m uI found the service a bit slow bhraith mé go raibh an tseirbhís ábhairín mallis service included? an bhfuil an tseirbhís san áireamh? 8 noun maintenanceseirbhís fem2  c m uher car is in for a service tá a carr istigh le haghaidh seirbhísewhen is the next service due? cén uair a bheidh an chéad seirbhís eile le déanamh?the boiler needs a service tá seirbhís ag teastáil ón mbruthaire 9 noun REL ceremonyseirbhís fem2  c m ucarol service seirbhís charúlfuneral service seirbhís sochraide, seirbhís tórraimhmorning service seirbhís na maidine 10 noun SPOR serve in tennis etcseirbheáil fem3  c m ufreastal masc1  c m ufirst service an chéad seirbheáil, an chéad fhreastal 11 noun set of plates etcfoireann fem2  c m uchina service foireann phoircealláin 12 LAW noun giving of legal documentseirbheáil fem3  c m u
verb
13 verb cater for TRANSITIVEseirbhís a chur ar fáil dofreastail ar PhrV  c m uto service the needs of sb/sth freastal ar riachtanais duine/ruda 14 verb clean TRANSITIVEseirbhís a dhéanamh ar VP  c m useirbhísigh verb  c m uthe offices are serviced every day déantar seirbhís ar na hoifigí gach lá 15 verb FIN pay interest on TRANSITIVEseirbhísigh verb  c m uto service a loan iasacht a sheirbhísiú 16 verb check car etc TRANSITIVEseirbhísigh verb  c m useirbhís a dhéanamh ar VP  c m uto get your car serviced seirbhís a fháil ar do ghluaisteán
phrases

to be at sb's service

bheith faoi réir duinebheith ar fáil chun fónamh do dhuineI'm at your service tá mé faoi do réir

to be of service to sb

fónamh do dhuinecabhrú le duinecuidiú le duine

to do sb a service

gar a dhéanamh do dhuinecuidiú le duineleas duine a dhéanamh

in service

1 available for usei seirbhísthe minibus will be back in service tomorrow beidh an mionbhus ar ais i seirbhís amárach, beidh an mionbhus ar ais ar an mbóthar amárach 2 in armed forcesar seirbhís 3 as public servantag obair  c m ufostaithe  c m uthere are fewer teachers in service now tá níos lú múinteoirí ann anois 4 as servantar aimsir 5 while employedif you die in service má fhaigheann tú bás agus tú fós ag obair, má fhaigheann tú bás agus tú fós fostaithe

out of service

1 not available for useas seirbhísthe bus was out of service bhí an bus as seirbhís 2 not workingas gléasas feidhm  c m uthe printer is out of service tá an printéir as feidhm